Ceardlann Lúibíní do Dhaoine Fásta
Bígí linn do cheardlann chruthaitheach, spraíúil le Fearghas Mac Lochlainn agus Traolach Ó Conghaile, beirt ealaíontóirí agus scríbhneoirí ildánacha a bhfuil bua ar leith acu maidir le cumadh lúibíní. Tá duaiseanna bainte acu beirt ag Oireachtas na Samhna as a gcuid lúibíní iontacha.
Sa cheardlann seo, beidh deis agat do scileanna a fhorbairt i gcumadh agus i ndearadh lúibíní, i suíomh fáiltiúil, spraíúil agus Gaelach. Níl aon taithí de dhíth ort – níl uait ach fiosracht agus toilteanas chun triail a bhaint as!
Eagraithe ag An tOireachtas i gcomhar le Aerach.Aiteach.Gaelach.
👉 Tá sé fíorthábhachtach d’áit a chur in áirithe roimh ré mar go bhfuil líon teoranta ticéad ar fáil.