Turas Chuig Áras an Uachtaráin - Grúpa 1
Deis iontach cuairt a thabhairt ar Pháirc an Fhionnuisce mura raibh tú ann roimhe seo (agus fiú má bhí).
Tá líon teoranta ticéid againn do Thuras ar Áras an Uachtaráin
Beidh treoraí le Gaeilge linn ag insint stair an ionaid
Beidh déis cuairt a thabhairt ar an gCéad urlár de Áras an Uachtaráin
Ba chóir go bhfuil cáipéis aitheantais ag gach duine a bheidh ar an turas, ar eagla go bhfuil sé de dhíth ag na gardaí.
Beidh an grúpa ag bualadh le chéile ag Ionad Cuairteoirí an Fhionnuisce agus ag dul ar bhus as sin isteach chuig Áras an Uachtaráin. Tá caifé lonnaithe ag Ionad na gCuairteoirí.
NÓTA
Faraor ní bheidh an bus ag fanacht le aon duine. Bí ar am.