TIONSCADAL TAYLOR SWIFT & SEISIÚN GRÉASÁNAÍOCHTA
Seó fíor-speisialta is ea Sreang Dhofheicthe ina mbeidh rogha d’amhráin ón réalta amhrán clúiteach, Taylor Swift, á léiriú i nGaeilge! Duine de mhórfhilí ár linne, Gabriel Rosenstock, a chuir na leaganacha Gaeilge de na hamháin ar fáil agus beidh siad á gcanadh ag an amhránaí anamúil, ceolmhar, Róisín Seoighe X IMLÉ. Léiriú samhlaíoch, ealaíonta, atá anseo a bheidh á thionlacan le híomhánna de chuid an ealaíontóra, Margaret Lonergan.

Faisnéis Bhreise

Cuirfear tús leis an seisiún ghréasánaíochta ag 18:30, uair go leith roimh an seó, san Óstán Royal Marine i nDún Laoghaire.
AM AN SEÓ: 20:00