Oíche Greann agus Siamsaíocht, Gaillimh 2026

DÁTA Céadaoin, 11 Samhain 2026

AM 18:00-20:30

ÁIT Óstán Galmont, Gaillimh

BEAN AN TÍ Aideen McQueen

FEAR AN TÍ Traolach Ó Conghaile

Deis iontach bualadh le seanchairde, castáil le cairde nua, éisteacht le ceol, greann agus b'fhéidir píosa damhsa a dhéanamh!

Tosóidh an oíche le fáiltiú agus píosa greann ón fuirseoir Aideen McQueen, agus leanfaidh sé ar aghaidh le ceol ón Galway Céilí Club, agus Traolach Ó Conghaile, múinteoir damhsa seit as Conamara, i gceannas ar na seiteanna agus na céimeanna a ghlaoch amach.