
Mórócáid Ghréasánaíochta an tSamhraidh
Baile Átha Cliath
ÁIT Óstán Hilton, Plás Charlemont
DÁTA Déardaoin, 3 Iúil 2025
AM 19:00
Ósta Síomha Ní Ruairc, TG4 & Virgin Media
Siamsaíocht Deartháireacha Fanzini
Bain sult as oíche shóisialta sa phríomhchathair in éineacht le do chomhghleacaithe ag Breithlá Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí, Déardaoin, 3 Iúil 2025 ag Óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2.
Má tá fonn ort bualadh le daoine eile atá ag obair san earnáil chéanna leatsa a bhfuil fonn orthu Gaeilge a labhairt – seo do dheis iad a aimsiú, seal a chaitheamh ina gcomhluadar, aithne a chur orthu agus, b’fhéidir, socrú a dhéanamh bualadh leo arís...
Beidh cluichí agus craic ann leis na Deartháireacha Fanzini agus lenár Ósta, Síomha Ní Ruairc!
Agus ar ndóigh...ní cóisir breithlae é gan cáca!