Mórócáid Ghréasánaíochta an Fhómhair 2026
DÁTA Dé Luain, 21 Meán Fómhair 2026
AM 18:00 - 20:30
IONAD Óstán Gresham, 23 Sráid Uí Chonaill Uachtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 C3W7
ÓSTACH Sinéad Ní Uallacháin
Podchraoladh Beo le Cúán de Búrca & Cían Mac Coisteala
Bígí linn le haghaidh tráthnóna speisialta ina ndéanfaimid ceiliúradh ar éachtaí na bhfostaithe san earnáil phoiblí a ghlac páirt i gcúrsaí le Gaelchultúr idir Eanáir agus Bealtaine 2026.
Beidh searmanas bronnta, á óstáil ag Sinéad Ní Uallacháin, ar siúl agus, ina dhiaidh sin, beidh Podchraoladh Beo á óstáil ag Cúán de Búrca agus Cían Mac Coisteala, i measc na n-aíonna speisialta beidh Cynthia Ní Mhurchú, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le haíonna eile.
I measc na n-ábhar a phléifear beidh:
- Tionchar na hÉireann laistigh den Aontas Eorpach;
- Ilteangachas; agus
- Ról agus todhchaí na Gaeilge san Aontas Eorpach.
Bígí linn le haghaidh tráthnóna ceiliúrtha, comhrá agus Gaeilge, agus muid ag aithint thiomantas na bhfostaithe san earnáil phoiblí don Ghaeilge a fhorbairt agus a úsáid.
Táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh chuig tráthnóna iontach!