
Léiriú Gearrscannáin Ag Am Lóin - Seisiún 2
Tá a fhios againn gur oibrithe díograiseacha sibh ar fad, agus tá Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí anseo le cuidiú libh…
Glac sos ó na ríomhphoist, cruinnithe, agus spriocdhátaí ar fad, lig do scíth, agus bí linn do LÉIRIÚ GEARRSCANNÁIN AG AM LÓIN i gcomhpháirtíocht le hOifig Aicmithe Scannán na hÉireann do Sheachtain na Gaeilge.
Seo é do dheis d’aird a bhaint ón obair ar feadh píosa beag, sult a bhaint as gearrscannán ina bhfuil ábhar machnaimh ann agus comhrá a bheith agat le daoine eile atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a úsáid i suíomh neamhfhoirmeálta.
Agus ná bí buartha, beidh greim bia faighte agat sula bhfilleann tú ar an deasc!