
Cúrsa Ióga Ar Líne
DÁTA: Déardaoin 13, 20 & 27 Feabhra
AM: 18:30
IONAD: Ar Líne
INNIÚLACHT SA GHAEILGE: Oiriúnach do gach leibhéal inniúlachta.
COSTAS: Saor in aisce do bhaill an Ghréasáin Ghaeilge
CUR SÍOS:
An bhfuil tú dubh dóite as an ionad aclaíochta? Agus leis an dorchadas?
Ní fada uainn na tráthnónta fada samhraidh, nuair a bheidh deis againn giota aclaíocht a dhéanamh taobh amuigh.
Idir an dá linn, tá réiteach againn le cuidiú leatsa an t-am seo den bhliain a chur díot!
Cé nach bhfuil smacht againn ar an dorchadas, tá rogha eile againn, agus ní gá duit do theach a fhágáil fiú!
Cuirfidh Ciarán Mac Fhearghusa cúrsa ióga 3 sheachtain ar siúl do bhaill an Ghréasáin Gaeilge, le deis a thabhairt duit scaoileadh le do chorp agus d’intinn.
*SEOLFAR NASC DON RANG CHUIG NA DAOINE A CHUIREANN TICÉAD IN ÁIRITHE*