Díospóireacht ag Oireachtas na Samhna
DÁTA: Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair 2026
AM: 18:00 – 19:30
IONAD: Aonach an Oireachtais, Óstán Gleneagle, Cill Áirne
ÓSTACH: John Prendergast
Bigí linn ag Oireachtas na Samhna le haghaidh imeacht gréasánaíocht Díospóireacht le Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí! ![]()
Tugfar an deis do dhaoine atá ag freastal ar Oireachtas na Samhna teacht le chéile i suíomh neamhfhoirmiúil, idirghníomhach agus spraíúil chun an Ghaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhorbairt. ![]()
Beidh an díospóireacht dírithe ar rannpháirtíocht agus ar chomhrá, seachas ar dhíospóireacht fhoirmiúil acadúil. Tabharfar tacaíocht do rannpháirtithe trí stór focal agus frásaí úsáideacha a chur ar fáil dóibh roimh gach babhta.