Cúrsa Cócaireachta Ar Líne

DÁTA: Dé Máirt 11, 18 & 25 Feabhra

AM: 19:00

IONAD:Ar Líne

INNIÚLACHT SA GHAEILGE: Oiriúnach do gach leibhéal inniúlachta.

COSTAS: Saor in aisce do bhaill an Ghréasáin Ghaeilge

CUR SÍOS: Tá an bhliain úr linn, tá rúin na hAthbhliana faoi lán seoil agus tá Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí anseo le lámh chúnta a thabhairt duit!

Cuirfidh Diarmuid Ó Mathúna cúrsa cócaireachta 3 sheachtain ar siúl do bhaill an Ghréasáin Gaeilge, ina dtaispeánfaidh sé cén dóigh le cúrsaí tosaigh, príomhchúrsaí agus earraí bácáilte a ullmhú.

B’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh, inspioráid a fháil, nó cúpla leid a fhoghlaim, nó seans go bhfuil tú ag iarraidh do lámh a chur ar rud nua. Anois an t-am is fearr, mar a deirtear, tús maith leath na hoibre!

*SEOLFAR NASC DON RANG CHUIG NA DAOINE A CHUIREANN TICÉAD IN ÁIRITHE*

Ticéid

Faisnéis Bhreise