Bláthanna Fiáine
ÁIT Ar líne
DÁTA Dé Céadaoin, 1 Iúil 2026
AM 19:30 – 21:00
ÁISITHEOIR Aedín ní Thiarnaigh
Tá muid i lár an tsamhraidh faoi dheireadh agus tá gach rud faoi bhláth anois. Más duine thú a bhfuil suim agat i gcúrsaí dúlra, seo do sheans tuilleadh eolais a fháil ar na bláthanna atá timpeall orainn ag an tráth seo bliana. Agus fiú mura bhfuil aon eolas ar chor ar bith agat faoin ábhar, bain trial as rud nua an samhraidh seo!
Maidir le Aedín, is fearr aithne uirthi as a cláir nádúir ar TG4 (Revolution on the House, Stories from Our Stamps), agus RTÉ (Faoi Bhláth, The Summer Show).