![Féile Dorn san Aer logo](https://do3z7e6uuakno.cloudfront.net/uploads/event/logo/1141496/0440033de8d5a938bb304a4ec69516fb.png)
Féile Dorn san Aer
Féile úr pobail in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí
Ticéid
Sceideal
27 Meán Fómhair 2024
Oscailt oifigiúil na féile le píosa cainte spreagúil ón ghníomhaí cearta sibhialta Bernadette McAliskey. Ceol le hEmma Ní Fhíoruisce & Eve Belle agus Boss Sound Manifesto ó Bhéal Feirste. Meascán réabhlóideach le tús spleodrach a chur leis an fhéile.
Gig ardfhuinnimhe Tigh Hiúdaí leis an ghrúpa Huartan
28 Meán Fómhair 2024
Beidh Lá Teaghlaigh in Ionad Cois Locha áit a mbeidh imeachtaí éagsúla ar siúl do pháistí. Beidh seó Preab sa Cheol do pháistí óga le Doimnic Mac Giolla Bhríde, Suzanne Ní Ghallchóir agus Niall Hackett. Beidh fáilte roimh na páistí úsáid a bhaint as na háiseanna súgartha, an pháirc spraoi agus na gníomhaíochtaí atá ar fáil san ionad ar feadh an lae.
Beidh rogha de bhia bhlasta ar fáil le stáinníní bí ó tháirgeoirí áitiúla in áit na garaíochta
Beidh neart imeachtaí eile á bhfógairt amach anseo. Coinnigí súil amach!
Beidh ceardlanna ceoil agus máistir-ranganna ar siúl. Amanna le socrú.
Ceol le grúpa ceoltóirí as Toraigh, an píobaire mór, Ciarán Mac Fheidhlimidh, Ceolóirí ón Úcráin agus an banna ceoil úr is réabhlóidigh Cigire na bPuntaí
Caith tamall ag crúsáil amach ar loch Dhún Lúiche faoi scath na hEaragaile le scoith na gceolóirí ar bhád an Gráinne Rose. Eispéaras faoi leith. (Caithfear áit a chur in áireamh roimh ré nó níl ach méid áirithe suíocháin ar an bháidín.)
Ní bheadh fhios agat caidé bheadh romhat i dTigh an Airneáil - áit ar leith a mbeidh ceol beo á sheinm ag aoianna speisialta ar feadh an lae. "Ionad buail isteach" don teaghlach craiceáilte.
Comórtas Cath na mBannaí ina rachaidh bannaí ceoil agus ceoltóirí úra i gcoimhlint leis na duaischistí móra a bhaint agus cead mórtais acu siúd a mbronnfar an teideal "Banna na Féile" orthu. (Tá na hamanna le socrú).
Staid agus todhchaí an cheoil faoi chaibidil
Ar an phríomhstáitse, Stáitse Géill Slí in Ionad Cois Locha, beidh scoith na mbannaí ag seinm ann: Spásas, Súil Amháin, IMLÉ agus Grooveline.
Oíche chraiceáilte Tigh Hiúdaí Beag le Bréag - laochra reggae Bhéal Feirste
29 Meán Fómhair 2024
Ag teacht anuas nó ag fanacht thuas. Seisiúin ceoil an Domhnaigh i dTigh Hiúdaí Bhig áit a mbeidh an Abair Amhrán amuigh agus cuireadh chun ceoil ag gach duine. Seisiúin amhránaíochta oscailte.
Coirm cheoil an Domhnaigh. Féasta ceoil le Róisín Chambers, an spealaire fánach John Spillane agus Na Fíréin. Meascán craiceáilte an Domhnaigh le deireadh spleodrach a chur leis an fhéile.