Féile Dhorn San Aer 2026

Féile pobail in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí. Seo an tríú bliain don fhéile.

Ticéid

Event map

Sceideal

26 Meán Fómhair 2026

12:00pm – 6:00pm UTC
Ceoilchoirm Stáitse "Géill Slí"

Beidh scoith an cheoil le cluinstin ar stáitse Ghéill Slí le Emma Ní Fhíoruisce agus an grúpa Sáile agus tuilleadh bannaí le fógairt.

2:00pm – 4:00pm UTC
Ceol ar an Loch (ar an Ghráinne Rose)

Beidh dhá thuras ceoil amach ar an Ghráinne Rose le aoicheoltóirí speisialta. Beidh an sárcheoltóir Connie Mhary Mhicí ann ag a 2pm agus an ceoltóir binn Diane Ní Chanainn ann ag a 3:30pm. Is deis annamh é seo éisteacht le ceol beo i gciúnas an locha faoi scáth na hEaragla. (Beidh ticéid le cur in áirithe roimh ré don dá thuras báid seo mar go mbíonn éileamh mór orthu)

8:00pm – 1:00am UTC
Ceoilchoirm An Príomh Stáitse - Ionad Cois Locha

Príomhstáitse – Dorn San Aer: Ionad Cois Locha Dé Sath 7:30-1:30am Ceolchoirm mhór na deireadh seachtaine le scoith na mbannaí: Kíla, Grooveline, The Shan Vans, Hhh agus Cúán de Búrca, Ushmush, Corr Mhóna, Torby, Tart agus tuilleadh

27 Meán Fómhair 2026

2:30pm – 4:30pm UTC
"Rónán ar an Camino" 2:30pm Dé Domhnaigh

Taispeánfar an sraith teilifíse a rinne Waddell Media do TG4 in 2012 le Rónán Mac Aodha Bhuí ar an Camino de Santiago. Beidh an ceithre chlár le taispeáint ón 2.30 i.n. ar aghaidh agus thig bualadh isteach agus amharc ar chuid den tsraith nó ar an tsraith iomlán.

8:00pm – 1:00am UTC
Craiceáilte Tigh Hiúdaí

Beidh Oíche chraiceáilte i dTigh Hiúdaí Beag le Diane Ní Chanainn, le tionlacan ó Katie Doohan agus Theresa Kavanagh. Le Bríd Neansaí Ní Dubhchóin i mbun an damhsa.