Ticéid

Event map

Sceideal

26 Meán Fómhair 2025

7:30pm – 1:00am UTC
Oscailt agus Ceolchoirm

Tá lúcháir orainn go mbeidh Ambasadóir na Palaistíne, Dr Jilan Wahba Abdalmajid, ag foscailt na féile go hoifigiúil dúinn i mbliana. I ndiaidh na foscailte, beidh ceolchoirm le Huartan, Ramper agus tá ceoltóirí eile le fógairt amach anseo. Meascán réabhlóideach le tús spleodrach a chur leis an fhéile.

Beidh Seán Ó Curráin ag casadh na ceirníní le fuaimeanna réchúiseacha i gClub na Féile i bhforhalla na hAmharclainne. Ina dhiaidh sin, beidh ceol leis an DJ Unrepentent Reggae Sounds i dTigh Hiúdaí Beag.

27 Meán Fómhair 2025

12:00pm – 6:00pm UTC
Ceoilchoirm Stáitse "Géill Slí"

Beidh manglam ceoil agus craic ar stáitse Ghéill Slí. I ndiaidh "Preab sa Cheol" agus "Karaoke Craiceáilte na Gaeilge" beidh ceol bríomhar ó Sheán Ó Corraidh agus an banna The Hot Whiskeys. Beidh seans steipeáil amach ar an urlár agus cúpla céim a fhoghlaim ó Chaitlín Joe Jeaic le ceol ón Chrann Óg agus go leor eile.

12:00pm – 8:00pm UTC
I Lár an Aonaigh

Beidh aonach ceardaíochta ar siúl i gCúl an Tí, áit a mbeidh earraí deasa lámhdhéanta go leor ar díol ag ceardaithe áitiúla.

12:00pm – 6:00pm UTC
Lá Teaghlaigh

Ón 12:00pm ar aghaidh beidh Ionad Cois Loch i nDún Lúiche faoinár seilbh Dé Sathairn agus cead ag páistí úsáid a bhaint as na hacmhainní iontacha atá ar fáil ansin. Do pháistí beaga tá sleamhnán mór ann, tuairtcharranna, boghdóireacht, páirc spraoi, bádaí beaga agus áit bhogshúgartha. Ar 14:00pm, do pháistí 2-8bl, cuirfidh Doimnic Mac Giolla Bhríde, Suzanne Ní Ghallchóir agus Niall Hackett an seó ceoil idirghníomhach Preab sa Cheol ar siúl ar ardán Ghéill Slí. Beidh péinteáil aghaidheanna ann. Beidh ceardlann teicneolaíochta ann le Andy Caomhánach. Ná cailligí Karaoke Craiceáilte na Gaeilge d’óg agus d’aosta le Seán Ó Muireagáin agus Suzanne Ní Ghallchóir.

12:00pm – 8:00pm UTC
Neam Neam

Beidh stainníní bidh agus veaineanna bidh ag dáileadh amach an bia is blasta ó tháirgeoirí áitiúla ar feadh an lae. Muiceoil ón Choirbhín, Crêpes an Atlantaigh Fhiáin, burgair ó fheirm Lis na Maolagáin. Beidh togha agus rogha an bhidh agus an dí ag bialann Ionad Chois Locha chomh maith.

2:00pm – 3:00pm UTC
Ceardlann teicneolaíochta do pháistí bunscoile

Ceardlann spraíúil ríomhaireachta do pháistí bunscoile i gcomhair le hOllscoil na Gaillimhe. Bainfear úsáid as micriríomhairí ar nós an Raspberry Pi agus an BBC Micro:bit, atá deartha go speisialta do pháistí. Gheobhfar blaiseadh ar chódú, ar ríomheolaíocht agus ar eolaíocht mar chuid den tseisiún seo. Cuirfear béim ar rudaí fisiceach a chruthú agus a ríomhchlárú ar nós róbait agus gléasanna cliste.

2:00pm – 5:00pm UTC
Ceol ar an Loch (ar an Ghráinne Rose)

Beidh dhá thuras ceoil amach ar an Ghráinne Rose le aoicheoltóirí speisialta. Ag a 2pm beidh an sárcheoltóir sean-nóis Piaras Ó Lorcáin inár dteannta le ceol dúinn agus ag 3:30pm beidh deis éisteacht le Doimnic Mac Giolla Bhríde agus le Frances Morton, ag ceol agus ag seinm óna n-albaim úra. Deis annamh é seo éisteacht le ceol beo i gciúnas an locha faoi scáth na hEaragla. (Beidh ticéid le cur in áirithe roimh ré don dá thuras báid mar go bhfuil uimhreacha teoranta)

2:00pm – 8:00pm UTC
Teach Airneáil

Áit na ndaoine dalba! Beidh Oíche Airneáil ar siúl i rith a lae. Cosúil le breicfeasta i lár an lae beidh sé lán téagair, beidh imeachtaí neamhghnách, ailtéarnacha ar siúl ann an stáitse beag seo lán le ceoltóirí. Ní bheadh a fhios agat caidé bheadh romhat anseo sa i dTeach an Airneáil - áit ar leith agus ‘Ionad buail isteach’ don teaghlach craiceáilte. Má tá uirlis ceoil leat buail isteach agus beidh fáilte theasaí romhat!

3:00pm – 7:00pm UTC
Cath na mBannaí

Ardán speisialta do bhannaí úra ceoil. Rac, reggae, pop, punc, rap, techno nó ceol nua ar bith. Má tá banna úr ceoil agaibh is fiú go mór cur isteach ar an comórtas seo le dul san iomaíocht do dhuais €2000 agus cead mórtais. Tá an chomórtas seo foscailte do bhanna ceoil úr ar bith a cheolann i nGaeilge. Bígí ann ag stáitse Cath na mBannaí le tacaíocht a thabhairt do na bannaí úra agus an chéad bhanna mór úr eile a fheiceáil ag seinm.

6:00pm – 7:00pm UTC
Ceardlann Ceoil Cór Dhorn San Aer

Ar mhaith leat ceol ar an phríomhstáitse i gCór Dhorn San Aer? Tabharfaidh Doimnic Mac Giolla Bhríde ceardlann speisialta ceoil agus réiteoidh sé cór úr spontáineach Dhorn San Aer don ardán. Bígí ina theannta ar an phríomhstáitse!

6:00pm – 1:30am UTC
Ceoilchoirm An Príomh Stáitse - Ionad Cois Locha

Príomhstáitse – Dorn San Aer: Ionad Cois Locha Dé Sath 6-1am Ceolchoirm mhór na deireadh seachtaine le scoith na mbannaí: ceol bríomhar le PJ Sonaí Choil Learaí agus Ceann Gólaim, ceol nua-aoiseach le Cigire na bPuntaí, foinn fuinniúla leis an bhanna rac Dysania, ag briseadh amach le foinn Grooveline agus ag críochnú suas le Bréag, ceannródaithe an reggae.

28 Meán Fómhair 2025

2:00pm – 6:00pm UTC
Máistir-Ranganna

Máistir-ranganna – An Racadamh. Dé Domh.

Beidh cúpla máistir-rang ar siúl do cheoltóirí ar mian leo foghlaim faoi cheird na scríbhneoireachta ceoil agus faoi thaifead agus léiriú ceoil.

Máistir-rang 1 le Robert Ó Maolchiaráin - Dé Domh 14:00pm: “Ableton Live” Cén dóigh le do chloigeann a fháil thart air agus leis an chuid is fearr a fháil ón bhogearra chumhachtach seo. Míneoidh Robert cén dóigh le Ableton Live a úsáid le ceol a chruthú agus a mheascadh agus cén dóigh leis an chuid is fearr a fháil ón bhogearraí. Beidh an rang seo úsáideach do dhaoine atá ag úsáid Ableton don chéad uair agus do dhaoine ar mhaith leo leidí maithe a fháil faoin bhogearra.

Máistir-rang 2 - Dé Domh 16:00pm: “Scríobh amhrán” An mbíonn tú ag scríobh amhráin nó ar mhaith leat foghlaim cén dóigh le hamhrán a scríobh? Brisfear fríd go leor den mhiotas a bhaineann leis an cheird le leidí úsáideacha a chuideoidh leat amhráin a scríobh agus tabhairt faoi na chéad chéimeanna sa phróiseas.

7:00pm – 10:00pm UTC
Súp an Domhnaigh

Buailigí isteach go Teach Hiúdaí tráthnóna Dé Domhnaigh áit a gcuirfidh Aodán Ó Cearúil ceann ar Súp an Domhnaigh, ag cur thart an Bíobla, Abair Amhrán, agus ag ceol an tsoiscéil Ghaelaigh. Seisiúin ceoil ina mbeidh cuireadh chun ceoil ag gach duine. Seisiúin amhránaíochta oscailte.

10:00pm – 12:00am UTC
Craiceáilte Tigh Hiúdaí

Oíche chraiceáilte Tigh Hiúdaí Beag le Ceoltóirí Thoraigh.