Stiúideo Cuan

Studeo Cuan


AN UILE BHEALACH ABHAILE & BÓTHAR NA SMAOINTE

Gné thábhachtach de pholasaí ealaíne Stiúideo Cuan ná go mbeadh ar a laghad

ealaíontóir amháin seasta faoi choimisiún againn. I measc na gcumadóirí a bhfuil

coimisiún bronta againn orthu le blianta beaga anuas, tá: Johnny Óg Connolly,

Máire Breathach, Peadar Ó Riada, Colm Ó Foghlú agus Aoife Ní Bhriain

AN UILE BHEALACH ABHAILE

Is saothar ceoil é An Uile Bhealach Abhaile a thugann léargas uathúil ar dhúchas

Choilm agus an tionchur a bhí ag ceantar Charna agus Iorras Aithneach air agus

é óg. Tá scoth na gceoltóirí idirnáisiúnta páirteach sa togra ealaíne seo, ina

measc:Aoife Ní Bhriain (Fidil), Patrick Flanaghan (Cor Anglais) agus Noreen

O’Donoghue(Cruit) maraon le Ensemble Téadach an Chaisleáin (The Castle

String Ensemble).Naíonúr ceoltóirí uilig a bheas ar stáitse do léiriú an saothar

thábhachtach seo.

BÓTHAR NA SMAOINTE

Is saothar nua ceoil é Bóthar na Smaointe a thugann tuiscint eisceachtúil don

phobal ar an tionchur a bhí ag an gceol clasaiceach agus ag an gceol traidisiúnta

ar Aoife agus í ag forbairt mar dhuine de na ceoltóirí is cumasaí ar domhan, sa dá

séanra ceoil seo. Bhí tionchur mór ag bunaitheoir Stiúideo Cuan, Charlie Lennon

ar Aoife agus í óg agus í ag freastal ar chleachtaithe lena hathair Mick O’Brien de

mhórshaothair Charlie, Bainis OIleáin & The Famine Suite i measc go leor eile. Tá

sé tráthúil gur ar Aoife a bhronn Stiúideo Cuan an coimisiún seo anuraidh –

coimisiún a bhronntar go bliantúil anois in ómós don laoch ceoil Charlie Lennon,

nach maireann.

Tá scoth na gceoltóirí idirnáisiúnta páirteach sa togra ealaíne seo, ina measc:

Aoife Ní Bhriain (Fidil), Cormac McCarthy (Pianó), Mick O’Brien (Píb Uileann), Dan

Bodwell (Olldord) agus Stephanie Keane (Damhsóir).

Is coimisiún de chuid Stiúideo Cuan é An Uile Bhealach Abhaile agus Bóthar na

Smaointe atá mar chuid lárnach de chlár ealaíne an Stiúideo agus muid ag

tabhairt ardán d’ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta saothair nua den

chaighdeán is airde a chur os comhair an phobail.

Bóthar na Smaointe & An Uile Bhealach Abhaile are 2 new works by Aoife Ní

Bhriain and Colm Ó Foghlú that result from Stiúideo Cuan's commissioning

policy - ensuring that at least one composer in residence is actively

commissioned by the studio at all times.

Bóthar na Smaointe and An Uile Bhealach Abhaile both premiered here in

Stiúideo Cuan last November and November 2024 respectively, to critical

acclaim. Both productions were recorded (audio & video) and broadcast on RTÉ

Radio on Christmas Day '25 and '24 respectively.

Stiúideo Cuan is delighted to be working with the incredible Aoife Ní Bhriain and

Colm Ó Foghlú to re-stage these stunning new works. We are especially

delighted to honour the late Charlie Lennon by presenting these commissions in

his memory. Charlie was a gentle giant of Irish Music and his canon of over 400

compositions stand as a testament to his boundless creativity.

Commissioned by Stiúideo Cuan, these new works feature a world-class

ensemble, including Cormac McCarthy (piano), Mick O’Brien (uileann pipes),

Dan Bodwell (double bass), Stephanie Keane (dancer) & Aoife Ní Bhriain (violin),

Colm Ó Foghlú (piano), Patrick Flanaghan (Cor Anglais), Noreen O'Donoghue

(harp), and the Castle String Ensemble (Katie O'Connor (violin), Aoife Ní Dhornái



17|10|2026


Doirse: 7:00pm 

Tús: 7:30pm

Am: 2 uair

Tickets

Additional Information