
Seó Bealtainne - Na Cleamairí - Seó Bunscoileanna 01|03|25
Bunaíodh Cleamairí Feirste leis an traidisiún cleamaireachta dúchasach a chur chun cinn. Bíonn Cleamairí Feirste ag déanamh drámaí bunaithe ar sheanchas na tíre seo. Is siamsóirí ildánach iad. Is féidir leo seónna a dhéanamh a bheas oiriúnach do ghach aois grúpa, gach cúlra agus ábaltacht de réir riachtanais. Déanann siad seónna i nGaeilge, Béarla nó go dátheangach. Tá seónna déanta acu fud fad na hÉireann agus an domhain.