Blaiseadh den Bhodhrán agus den Fheadóg Stáin | Taster Session of the Tin Whistle and Bódhran
As part of this year’s Fleadh celebrations, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich is delighted to offer free taster sessions in the Bodhrán and Feadóg Stáin (tin whistle) for both children and adults. These fun and engaging sessions provide an excellent introduction to traditional Irish music, allowing participants to learn basic techniques and experience the enjoyment of playing these iconic instruments. The day will consist of a short session in the morning and the afternoon. No previous musical experience is required, and all are welcome to come along and discover the rich musical heritage of Ireland. Children aged 8-12 will be accepted for the kids workshops and adults must be over 18+. There are only ten spaces available in each workshop so please do not hesitate to book.
Mar chuid de cheiliúradh Fhleadh na bliana seo, tá áthas ar Chultúrlann Mhic Adaim Ó Fiaich seisiúin bhlais saor in aisce a chur ar fáil sa Bhodhrán agus san Fheadóg Stáin do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Tabharfaidh na seisiúin spraíúla agus idirghníomhacha seo deis do rannpháirtithe bunscileanna na n-ionstraimí traidisiúnta seo a fhoghlaim agus blaiseadh a fháil den taitneamh a bhaineann le ceol traidisiúnta na hÉireann a sheinm. Beidh seisiún maidine ann, agus seisiún tráthnóna. Níl aon taithí cheoil riachtanach, agus tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh agus saibhreas ár n-oidhreachta ceoil a fhiosrú. Glacfar le páistí idir 8 agus 12 bhliain d’aois sna ceardlanna do pháistí, agus ní mór do dhaoine fásta a bheith os cionn 18 mbliana d’aois. Níl ach deich n-áit ar fáil i ngach ceardlann, mar sin bí cinnte d’áit a chur in áirithe chomh luath agus is féidir.