AIFREANN

Tagaigí le chéile le h(a)ifreann a cheiliúradh le hArd-Bhansagart Mrs Ó. Déanaimis ár leorghníomh le chéile agus faighimis aspalóid. Bíodh maithiúnas nó fiú duais i ndán dúinn i ndíol ár bpeacaí, bronnfar amach é le craic agus greann!

Bígí linn d’oíche lán de spraoi, cluichí agus craic le Bean a’ Tí Mrs Ó. Beidh sí réidh le bhur bhfaoistin a éisteacht ar an láthair. Ná bíodh náire oraibh, tá “peacaí” againn uilig.

Beidh gearrdhráma úrnua, A Mhaighdean, á léiriú ag Mumbr Top, a thug dúinn Cailíní Gránna, sketchimíní agus neart eile. (

Críochnóidh muid an oíche le rapcheol aiteach Gaelach ón rapálaí Feirsteach, Torby, atá ag tarraingt aird mhór air féin go háitiúil agus níos faide i gcéin.

Ná cailligí an deis seo lenár n-aiteacht agus ár nGaelachas a cheiliúradh mar chuid d’Fhéile Liú Lúnasa!

Come together to celebrate Mass with High Priestess Mrs Ó. Let us make our atonement and receive absolution together. Whether forgiveness or even reward awaits us as recompense for our sins, it will be meted out with craic and good humour!

Join us for a night filled with fun, craic and games with Bean a’ Tí Mrs Ó. She’ll be ready to hear your confessions. Don’t be ashamed, we’ve all “sinned”.

Mumbro Top, who brought us Cailíní Gránna (Mean Girls as Gaeilge), Sketchimíní and much more, will be bringing a brand new piece entitled A Mhaighdean. (

We’ll finish the night with queer Irish-language rap from Belfast-based rapper Torby, who’s making waves locally and further afield.

Don’t miss this fabulous celebration of queerness as part of Liú Lúnasa!

Tickets

Additional Information