Féile na Staire Baile Átha Cliath

Déardaoin, 9 Deireadh Fómhair 2025

17.00 - 18.30

An Teach Cúirte, Sráid an Fhaiche (Green Street), Baile Atha Cliath

FLG: 1.5 CPD



Cathaoirleach:

An Breitheamh Cian Ferriter, An Ard-Chúirt

Cainteoir:

Cormac Ó Dúlacháin SC

Toghchánaíocht agus an Dlí, 1780 - 1920

San aistear stairiúil seo leantar fás an daonlathas in Éirinn, tríd súile an reachtaíocht a ritheadh i bParlaimint na Breathaine ó 1801 go 1920, na feachtais pholaitíochta a rith na Chartists agus gluaiseachtaí eile pobal sa Bhreatain ag éileamh córas cóir toghchánaíocht.

Déanfar cur síos ar na nósanna a rialaigh Parlaimint Grattan, na socruithe conspóideach d'ionadaíocht na hÉireann faoi Acht an Aontais agus ansin an bóthar fada agóidíocht ag éileamh aitheantas agus ionannas do gach fear agus bean, cuma gradam, creideamh ná saibhreas.

Ceann scríbe an léacht ná na toghcháin pharlaiminte agus Áitiúil in Éirinn i 1918 agus 1920.

Ticéad

Faisnéis Bhreise

Bunaíodh Cumann Barra na Gaeilge chun fóram a chur ar fáil do dhlí-chleachtóirí, idir abhcóidí agus aturnaetha, a chleachtaíonn an dlí trí mheán na Gaeilge nó ar suim leo saineolas sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge nó saineolas maidir le cúrsaí dlí agus Gaeilge a fhorbairt.

Is feidhm don Chumann imeachtaí oideachasúla agus imeachtaí sóisialta a eagrú agus a áisiú agus proifíl na Gaeilge a ardú i nGairm an Dlí.

Scríobh chuig cumannbarra@lawlibrary.ie nó chuig duine den choiste bunaithe le níos mó eolais a fháil.