Cumann Barra na Gaeilge FGL: Coimhlint Armtha agus an Dlí Idirnáisiúnta Daonnúil.

Dáta: Dé Máirt , 7ú Samhain

Am Tosaigh: 4.30 i.n.

Áit: Seomra Gaffney agus ar líne

Cainteoir: 

Gerard Humphreys SC (Gearoid Mac Unfraidh AS)

Nóta beathaisnéise: Chaith seal san Arm agus ar fianas leis na Náisiún Aontaithe sular thosaigh sé ag cleachtadh mar abhcóid. Chomhúdar leabhair le Ciarán Ó Crábháin Military Law in Ireland (Round Hall Sweet & Maxwell) agus Clocha Ceangailte – Léargas ar na Náisiúin Aontaithe, An Clóchomhar. Chaith seal le Taibhdhearc na Gaillimhe a léirigh a chéad dráma Éiric. Fada an lá ag plé le reathaíocht.

Beidh fáilte roimh gach duine ar an CPD seo, pé leibhéal don Ghaeilge atá ar do chumas. An aidhm atá ag an gcruinniú seo ná: chun teacht le chéile a chuir ar fáil do chomhghleacaithe a bhfuil suim acu sa Ghaeilge; Fáilte roimh cách! 

All are welcome to attend – whether your Irish is fluent or not. The objective is for colleagues with an interest in Irish to come together for this CPD; to meet, to network and to discuss and progress our legal knowledge.

1 FGL

Riachtanais Inrochtaineachta: Ag Barra na hÉireann is mian linn ár n-imeachtaí a bheith chomh fáiltiúil, inrochtana agus cuimsitheach do chách. Cuir ar fáil dúinn le do thoil má tá tú compordach le haon nithe a bhaineann le hinrochtaineacht ionas gur féidir linn iarracht a dhéanamh eispéireas saor ó bhacainn a chinntiú le linn na hócáide. Seol ríomhphost chuig events@lawlibrary.ie chun do chuid riachtanas a phlé.


CLÁRAIGH ANSEO MAR BHALL DEN CUMANN

Ticéid

Faisnéis Bhreise

Is sain-chumann barra nua é Cumann Barra na Gaeilge atá tiomanta d’fhorbairt na Gaeilge a spreagadh sa Leabharlann Dlí. Tá gach eolas ar fáil ach scríobh chuig cumannbarra@lawlibrary.ie nó chuig duine den choiste bunaithe.

Mar shain-chumann tá sé i gceist againn le linn na bliana dlí 2021/22 cúig sheimineár ghairmiúla a reáchtáil i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh, i Leitir Ceanainn agus i mBéal Feirste chomh maith le léachtaí agus ócáidí sóisialta.

Mar abhcóidí tá muid ag tabhairt cuireadh d’aturnaetha agus do phobal léinn an dlí, thuaidh agus theas, teacht linn ar an turas teanga seo. Tá fúinn úsáid na Gaeilge i ngach réimse den chleachtas dlí a éascú agus tacaíocht a thabhairt dá chéile.