

Cumann Barra na Gaeilge Léacht
Dáta: Aoine 1 Iúil
Am Tosaigh: 4.00 i.n.
Seomra Gaffney, An Drioglann, 145-151 Sráid an Teampaill, BÁC 7 D07WDX8
Suaitheadh Néarógach - Nuashonrú i ndiaidh Sheehan
Cainteoirí
Cathaoirleach: An Breitheamh Conor Dignam
1 FGL
ina dhiaidh sin Oíche Trad
An Aoine 1 Iúil 2022 5.00 - 9.00 The Sheds - An Drioglann
Ticéid

Faisnéis Bhreise
Is sain-chumann barra nua é Cumann Barra na Gaeilge atá tiomanta d’fhorbairt na Gaeilge a spreagadh sa Leabharlann Dlí. Tá gach eolas ar fáil ach scríobh chuig cumannbarra@lawlibrary.ie nó chuig duine den choiste bunaithe.
Mar shain-chumann tá sé i gceist againn le linn na bliana dlí 2021/22 cúig sheimineár ghairmiúla a reáchtáil i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh, i Leitir Ceanainn agus i mBéal Feirste chomh maith le léachtaí agus ócáidí sóisialta.
Mar abhcóidí tá muid ag tabhairt cuireadh d’aturnaetha agus do phobal léinn an dlí, thuaidh agus theas, teacht linn ar an turas teanga seo. Tá fúinn úsáid na Gaeilge i ngach réimse den chleachtas dlí a éascú agus tacaíocht a thabhairt dá chéile.